Saint Mary's National School, Dublin

Gaeilge Mí na Nollag i Scoil Naomh Mhuire!

18th Dec 2025

Bhí an Coiste Gaeilge thar a bheith gnóthach i rith mhí na Nollag i Scoil Naomh Mhuire. Tháinig an coiste le chéile chun plé a dhéanamh ar bhealaí nua agus cruthaitheacha chun níos mó Gaeilge a chur chun cinn ar fud na scoile le linn mhí na Nollag.

Mar chuid den obair seo, cuireadh Tráth na gCeist ar fáil do dhaltaí Mount Eden, agus cruthaíodh Cluiche Bingó do dhaltaí Belmont. Rinne na buachaillí agus na cailíní cartaí bingó agus spléachchártaí de láimh, ag baint úsáid as foclóir na Nollag (An Nollaig).

Ina dhiaidh sin, reáchtáil an Coiste Gaeilge Cluiche Bingó le gach rang ó Naíonáin Shóisearacha go Rang a hAon. Bhí an-tóir ag na cluichí ar na páistí agus bhain gach duine an-sult as an taithí. Chomh maith leis sin, d’fhoghlaim baill an Choiste Gaeilge go leor scileanna ceannaireachta agus iad ag obair leis na ranganna éagsúla.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an gCoiste Gaeilge as a gcuid oibre leanúnaí agus díograise ar an gcoiste, chomh maith leis na múinteoirí ar an gcoiste as a dtiomantas agus a bpaisean i leith chur chun cinn na Gaeilge inár scoil.

Nollaig Shona daoibh uilig agus Athbhliain faoi mhaise daoibh! 🎄

The Coiste Gaeilge were extremely busy throughout the month of December at Scoil Naomh Mhuire. The committee met to discuss creative ways to further promote the Irish language across the school during this festive period.

As part of this work, a Tráth na gCeist (quiz) was organised for Mount Eden pupils, while a Bingo game was created for pupils in Belmont. The boys and girls hand-made bingo cards and flashcards using Christmas-themed Irish vocabulary.

The Coiste Gaeilge then carried out the Bingo games with each class from Junior Infants to First Class. The activity was a huge hit with the children and was thoroughly enjoyed by all.

In addition, members of the Coiste Gaeilge developed valuable leadership skills through organising and leading these activities.

We would like to extend a huge thank you to the Coiste Gaeilge for their endless hard work, and to the teachers on the committee for their dedication and passion in promoting Irish in our school.

Merry Christmas and a Happy New Year to all! 🎄